Skip to main content

Clár

Bí páirteach ar líne

Cé hiad na daoine ar féidir leo ballraíocht a eagrú i Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath?

Féadfaidh aon duine atá ina c(h)ónaí nó ag obair i gCathair nó Contae Bhaile Átha Cliath, nó aon duine a bhfuil cárta leabharlainne poiblí bailí aige/aici ó aon údarás leabharlainne eile sa tír, iarratas a dhéanamh ar chárta Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath.

Níl aon táille le híoc le bheith i do bhall leabharlainne agus tá cead ag daoine de gach aois a bheith ina mball den leabharlann.

Conas is féidir liom ballraíocht i Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath a eagrú?

Níl aon táille le híoc agus is próiseas simplí atá ann.

  1. Comhlánaigh agus seol an fhoirm ar aghaidh ar líne

    Is í an chéad chéim atá le déanamh an fhoirm ar líne a chomhlánú trí chliceáil ar an nasc thíos nó trí chuairt a thabhairt ar do leabharlann áitiúil.

    Is féidir le haon duine, beag beann ar aois, a bheith ina b(h)all den leabharlann, ach má tá tú faoi 18 mbliana d’aois beidh ort ceist a chur ar do thuismitheoir/do chaomhnóir an fhoirm a shíniú nuair a bhíonn d’iarratas á bhailíochtú agat (féach céim 2).

    Tabhair faoi deara, go bhfuil roinnt téarmaí & coinníollacha sonraithe againn [tá nasc chuig an téacs athbhreithnithe ar shuíomh corparáideach nó OPAC], agus iarraimid ort glacadh leo seo nuair a sheolann tú an fhoirm ar aghaidh.
  2. Bailíochtaigh d’iarratas go pearsanta.

    Nuair a bheidh d’fhoirm seolta ar aghaidh agat, beidh tú in ann cuid dár n-acmhainní ar líne a rochtain, ach chun lántairbhe a bhaint as do chárta beidh ort do bhallraíocht a bhailíochtú trí chuairt a thabhairt ar bhrainse leabharlainne agus aitheantas fótagrafach a sholáthar (cé tú féin) agus cruthúnas maidir le d’áit chónaithe.

    Áirítear i measc na bhfoirmeacha inghlactha d’aitheantas fótagrafach pas; ceadúnas tiomána; cárta mic léinn; aoischárta aitheantais duine óig an Gharda Síochána; cárta aitheantais foirne atá eisithe ag fostóir.

    Áirítear i measc na bhfoirmeacha inghlactha de chruthúnas ar sheoladh reatha (le sé mhí anuas) bille gáis; leictreachais; teileafóin nó fóin phóca; ráiteas bainc a eisíodh le déanaí.

    Má tá tú faoi 18 mbliana d’aois, beidh ort do thuismitheoir/do chaomhnóir a thabhairt chomh fada leis an leabharlann leat ionas gur féidir leo glacadh leis na téarmaí agus coinníollacha.

    Mura féidir leat, ar chúis éigin, aitheantas agus/nó cruthúnas ar sheoladh a sholáthar, déan teagmháil le do leabharlann áitiúil [nasc chuig liosta na mbrainsí]; déanfaimid iarracht cabhrú leat.

  3. Íoslódáil ár n-aip saor in aisce a sholáthraíonn bealach tapa agus éasca chun do chuntas a bhainistiú agus catalóg na leabharlainne a chuardach ar d’fhón cliste nó táibléad. 

  4. Bain taitneamh as na háiseanna ar fad atá ar fáil.

2. An próiseas

Iarratas ar líne

  1. Comhlánaíonn an t-iasachtaí ionchasach an fhoirm ar líne.
  2. Tugann an t-iasachtaí cuairt ar an mbrainse.
    a.Más duine fásta é an t-iasachtaí, soláthraíonn an t-iasachtaí aitheantas fótagrafach agus cruthúnas ar sheoladh.
    b.Más tá an tIasachtaí faoi 18 mbliana d’aois, tugann sé/sí cuairt ar an leabharlann le haitheantas fótagrafach agus cruthúnas ar sheoladh i dteannta le tuismitheoir, AGUS
    c.Iarrann ball foirne ar an iasachtaí logáil isteach sa chuntas (trí tháibléad a úsáid ag an deasc b’fhéidir) agus ansin iarrtar ar an duine fásta tic a chur sa bhosca ‘Aontaím’ nó rud éigin?

Iarratas pearsanta

Treoraítear an t-iasachtaí ionchasach chomh fada le ríomhaire sa bhrainse, nó tugtar táibléad dó/di, agus beidh an fhoirm iarratais réamhlódáilte (saincheaptha le haghaidh gach brainse b’fhéidir).

    Féach ar liosta sábháilte gníomhach