Cosaint Sonraí agus Ráiteas Príobháideachais
Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháideachais maidir le suíomh gréasáin an Chórais Náisiúnta Bainistíochta Leabharlainne Comhroinnte agus leis na seirbhísí leabharlainne gaolmhara agus leis an gcóras bainistíochta leabharlainne. Níl Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath freagrach as ábhar nó cleachtais phríobháideachais de láithreáin ghréasáin eile. Tá naisc sheachtracha ar bith le láithreáin ghréasáin eile inaitheanta go soiléir mar sin.
Slándáil
Glacann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath lena freagrachtaí slándála ar bhealach dáiríre, ag baint feidhme as bearta fisiceacha agus teicniúla cuí lena n-áirítear úsáid a bhaint as córas Rialaithe Rochtana Foirne le rialuithe iniúchta agus oiliúint agus feasacht foirne. Tá nósanna imeachta inmheánacha againn agus bacainní cosanta comhéadain do ríomhairí chun do chuid faisnéise a choinneáil chomh sábháilte agus chomh slán agus is féidir linn. Ní féidir linn, áfach, príobháideacht nó rúndacht aon fhaisnéise a ráthú, cibé an mbaineann nó nach mbaineann sí leatsa mar úsáideoir, a sheoltar ar an Idirlíon trí ríomhphost neamhurraithe.
Bailiú de Shonraí Pearsanta Custaiméara
D’fhonn an tSeirbhís Leabharlainne agus an Córas Leabharlainne Bainistíochta Aonair a chur ar fáíl duit, bailímid agus úsáidimid na sonraí a bhaineann leat mar úsáideoir leabharlainne. Is é an t-aon fhaisnéis a bhailíonn muid ná faisnéis a roghnaíonn tú a sheoladh chugainn trí ríomhphost, faisnéis a chuirtear ar fáil nuair a roghnaíonn tú ballraíocht leabharlainne a thógáil nó faisnéis a chuirtear ar fáil agus tú ag logáil isteach agus ag baint úsáide as ár seirbhísí ar líne. Úsáidtear na sonraí seo chun cuntas úsáideora na leabharlainne a bhainistiú agus a riar agus ar chúiseanna oibriúcháin agus áirítear leo:
- d’ainm
- do sheoladh
- do bhliain breithe
- Seoladh Ríomhphoist
- Uimhir fón póca (seirbhís roghnach)
Déileálfar le haon fhaisnéis phearsanta a thugtar go deonach leis na caighdeáin is airde um shlándáil agus rúndacht, de réir an Achta um Chosaint Sonraí 2018 agus GDPR 2018.
Ní roinnfimid do shonraí ach le Leabharlanna Údaráis Áitiúla Éireannacha eile chun críche seirbhísí leabharlainne comhroinnte agus Córas Bainistíochta Leabharlainne Aonair a sholáthar agus le tríú páirtithe iontaofa a sholáthraíonn tacaíocht dúinn agus don Chóras Bainistíochta Leabharlainne Aonair agus a phróiseálann sonraí ar ár son i gcomhréir le comhaontuithe rúndachta iomchuí um chomhroinnt sonraí.
Ní dhéanfaimid teagmháil leat ach amháin maidir le húsáid na seirbhíse nó má thug tú le fios gur mian leat fógraí a fháil faoi imeachtaí agus faoi chláir leabharlainne atá le teacht.
Ceart rochtana, ceartúchán nó scriosadh
Chun sonraí a fháil ar aon eolas fút atá i seilbh Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath níl ort ach scríobh chuig:
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Oifigeach um Shaoráil Faisnéise
An tAonad Bainistíochta Faisnéise
An Rannóg Dlí
Oifigí Cathartha
An Ché Adhmaid
Baile Átha Cliath 8
Ríomhphost: dataprotection@dublincity.ie
D’fhéadfadh d’iarratas a léamh mar a leanas:
Is mian liom iarratas rochtana a dhéanamh faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018 agus GDPR 2018 ar chóip d’aon fhaisnéis a choinníonn tú fúm, ar ríomhaire nó i bhfoirm láimhe.
Cuir isteach sonraí ar bith a d’fhéadfadh cabhrú linn do thaifid a aimsiú. D’fhéadfaí go n-áireofaí leis sin:
- Uimhir chárta leabharlainne
- Aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh cabhrú linn do thaifid a aithint
Tá sé de cheart agat freisin aon earráid san fhaisnéis a choinnítear fút a cheartú, bac a chur ar úsáidí áirithe nó cur i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta. Ní mór treoir den sórt sin a thabhairt i scríbhinn. Déileálfar le hiarratas a luaithe is féidir agus ní ghlacfaidh sé níos mó ná 40 lá chun é a phróiseáil.
Athruithe ar an Ráiteas Príobháideachais
Má athraíonn muid ár ráiteas príobháideachais, postálfaimid na hathruithe ar an leathanach seo, ionas go mbeidh tú ar an eolas faoin eolas a bhailímid agus conas a úsáidimid é i gcónaí. Le húsáid leanúnach na seirbhíse, glactar leis go n-aontaíonn tú le haon athrú den sórt sin.
Baineann an Ráiteas Príobháideachais um Chosaint Sonraí seo leis na seirbhísí a sholáthraíonn Leabharlanna Poiblí agus Cartlann Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath trí shuíomh gréasáin Chóras Bainistíochta na Leabharlainne Comhroinnte Náisiúnta. Tá úsáid shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath á rialú ag Ráiteas Príobháideachais ar an suíomh gréasáin.
